Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: “Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.”
Matha 14:23 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ansin nuair a bhí na sluaite scaoilte aige, chuaigh sé suas leis féin faoi na cnoic a dhéanamh urnaí. Nuair a tháinig an oíche ní raibh aige ach é féin, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nuair a bhí an sluagh curtha ar shiubhal aige, chuaidh sé suas ar an tsliabh ina aonar a ghuidhe. Agus nuair a tháinic an tráthnóna, bhí sé ina aonar annsin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhi na sluaighte curtha chum bealaigh aige, do chuaidh sé suas an sliabh ’n‐a aonar chum urnaighe do dhéanamh: agus nuair tháinig an tráthnóna, do bhí sé annsin n‐a aonar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do léig sé an pubal úadh, do chúaidh sé súas air shlíabh ná áonar do dhéanamh urnuighthe: agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do bhí se an sin ná áonar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuir sé uaidh na daoine, agus d’imthigh sé an cnoc suas i n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar. |
Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: “Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.”
Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.
Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis,
Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé.
Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d'fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?”
Agus timpeall ocht lá tar éis na cainte sin, rug sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí.