Agus d'fheicfeadh clann Iosrael an loinnir ó aghaidh Mhaois. Ansin chuireadh Maois an brat ar ais ar a aghaidh go dtí go bhfilleadh sé chun labhartha leis.
Matha 13:43 - An Bíobla Naofa 1981 Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is ansin a bheidh na fíréin ag dealramh mar an ghrian i ríocht mʼAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin soillseochaidh na fíréin mar an ghréin i ríoghacht a n-Athar. An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht aige, éisteadh sé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin béidh na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoghacht a nAthar. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Soillséochaid na fíreanaigh an tansin mar an ngréin a riochachd a Nathar féin. Giodh bé agá bhfuilid clúasa chum eisdeachda, éisdeagh sé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n-Athar. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i Ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!” |
Agus d'fheicfeadh clann Iosrael an loinnir ó aghaidh Mhaois. Ansin chuireadh Maois an brat ar ais ar a aghaidh go dtí go bhfilleadh sé chun labhartha leis.
Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.
bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m'fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’
Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach den sú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n‑ólfaidh mé ina fhíon nua libhse é i ríocht m'Athar.”
Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.
Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?