Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.
Matha 13:13 - An Bíobla Naofa 1981 Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é an fáth a mbím ag labhairt leo i bhfáithscéalta, de bhrí go bhfuil an radharc acu agus nach bhfeiceann siad, agus go bhfuil an éisteacht acu agus nach gcluineann siad, agus de bhrí go bhfuil siad gan tuiscint. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is ar an adhbhar sin a labhraim leo i bhfáithscéalta; óir ar fheiceáil dóibh, ní fheiceann siad, agus ar chluinstin dóibh, ní chluin siad, agus ní thuigeann siad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is ar an adhbhar sin labhraim leo i samhlaoidibh: óir, gidh go bhfuil radharc aca, ní fheiceann siad, agus gidh go bhfuil éisteacht aca, ní chluineann siad, agus ní thuigeann siad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Air a nadhbharsin labhraim ríu a gcosamhlachdaibh: óir giodh a tá radharc aca ní fhaicid síad; agus giodh a tá éisdeachd aca ní chluiníd síad, agus ní thuigid síad. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Labhraim leó i soluídíbh mar tá radharc acu agus ní fheicid siad, agus tá éisteacht acu agus ní chloisid siad, ná ní thuigid siad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint. |
Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.
“Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint, - ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann, cluasa agus nach gcluineann.
“A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad.
“Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n‑éisteann siad.
mar atá scríofa: “Dhall Dia an aigne iontu: d'fhág sé a súile gan radharc agus a gcluasa gan éisteacht go dtí an lá inniu féin.”