agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.
Matha 12:14 - An Bíobla Naofa 1981 Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach chuaigh na Fairiséigh amach go ndeachaigh i gcomhairle le chéile ina aghaidh, conas a chuirfidís deireadh leis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar dhul amach do na Fairisínigh, chuaidh siad i gcómhairle ina aghaidh, fá’n chaoi ina gcuirfeadh siad chun báis é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’imthigh na Fairisínigh amach, agus do chuadar i gcómhairle le chéile ’n‐a choinnibh, chum go millfidís é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ndul a mach do na Pharisineachaibh, do chúadar a gcomhairle na aghaidhsean, do chum go millfidís é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n-a choinnibh chun a mhairbhthe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é. |
agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.
Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d'fhonn é a bhású.
Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis;
Ghabh na Fairisínigh amach, agus rinne siad comhairle láithreach leis na Héaródaigh ina aghaidh conas a mhillfidís é.
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu.
Agus líon siad siúd de bhuile, agus bhí siad ag beartú le chéile cad a d'fhéadfaidís a dhéanamh le hÍosa.
Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil.
Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.
Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.
Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabhail.
Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.