Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 10:34 - An Bíobla Naofa 1981

“Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“Ná síligí gur tháinig mise le síocháin a tabhairt ar an talamh; níor tháinig mé ag tabhairt na síochána liom, ach ag tabhairt claímh liom.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ná measaigidh go dtáinic mise a chur síothchána ar an talamh: ní tháinic mé a chur síothchána, acht claidheamh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ná measaidh gur chum síothcháin do chur ar an dtalamh thánag‐sa: ní chum síothcháin do chur thánag, acht chum claidheamh do chur ann.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ná measaigh go dtáinic misi do chur shíothchana ar an dtalamh: ní do chur shíothcána tháinic mé, achd do chur cloidhimh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ná measaidh gur chun na síothchána chur ar an dtalamh a thánag; ní chun na síothchána chur ann a thánag, ach chun an chlaidhimh a chur ann.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh.

Féach an chaibidil



Matha 10:34
9 Tagairtí Cros  

Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú mé i m'fhear caismirte agus i m'fhear achrannach don tír ar fad. Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht; ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé.


Na Giúdaigh nár ghlac an creideamh, áfach, ghríosaigh siad na págánaigh agus chlaon siad a n‑aigne i gcoinne na mbráithre.


Bhí pobal na cathrach deighilte ina dhá chuid: cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh agus cuid eile ag taobhú leis na haspail.


(Nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'imigh na Giúdaigh uaidh amach, agus aighneas mór acu eatarthu féin.)


Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh, chun go maródh daoine a chéile; agus tugadh claíomh mór dó.


(Ar mhaithe le glúine chlann Iosrael é sin, d'fhonn ceird an chogaidh a mhúineadh dóibh, dóibh siúd ar a laghad nach raibh taithí acu ar chogadh roimhe sin):