Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”
Lúcás 9:8 - An Bíobla Naofa 1981 ag daoine eile, Éilias a bheith á thaibhsiú, ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus cuid eile á rá gur nocht Elía, agus tuilleadh ag dearbhú gur fáidh de na seanfháithe a bhí ann a bhí dʼéis éirithe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cuid de na daoine, gur éirigh Eoin ó na mairbh; acht deireadh cuid eile, gur thaisbeán Elías é féin; acht deireadh tuilleadh, gurbh é duine de na sean-fháidhe a d’éirigh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do bhí dream eile g‐á rádh gurbh é Élias do thaisbeán é féin, agus adubhairt dream eile gur aiséirigh duine éigin de na sean‐fháidhibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus dáoine eile, Gur fhoillsigh Elias é féin; agus dáoine eile, Gur eirséirigh faigh éigin do na seanfháighibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Gur bh’é Eóin a dh’eirigh ós na mairbh; agus deireadh daoine eile gur bh’é Elias a thaisbeáin é féin; agus deireadh daoine eile gur dhuine éigin de sna sean-fháidhibh a dh’eirigh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ag daoine eile, Éilias a bheith dá thaibhsiú. ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe. |
Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”
Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?”
Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.”
Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.”
Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.”
D'fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair: “Ní mé.”