Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 9:6 - An Bíobla Naofa 1981

Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus dʼimigh siad leo gur shiúil na bailte beaga as éadan, agus gur chraobhscaoil siad an soiscéal agus gur shlánaigh siad san uile áit.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ar imtheacht dóibh thaisteal siad na bailte, ag seanmóireacht an tsoiscéil agus ag leigheas i ngach áit.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’imthigheadar‐san, agus do ghluaiseadar rómpa ar fud na mbailte mbeag, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, agus ag leigheas ins gach aon bhall.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do imthigheadarsan, trís agus do ghabhadar na mbailtreach, ag déanamh seanmóra agus ag leigheas ann gach uile bhall.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigheas ins gach aon bhall.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.

Féach an chaibidil



Lúcás 9:6
6 Tagairtí Cros  

Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.


Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan


Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.”


sa tslí go mbíodh na hothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.