Lúcás 9:36 - An Bíobla Naofa 1981 Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach d'fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d'aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí sin ráite ag an nglór, ní raibh le fáil ach Íosa amháin. Agus dʼfhan siadsan ina dtost gan a insint faoina raibh feicthe acu do dhuine ar bith sna laethanta úd. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus le linn a theacht do’n ghuth, fuarthas Íosa ina aonar. Agus d’fhan siad-san ina dtost, agus níor innis siad do dhuine ar bith ins na laethe sin aon nídh dá bhfaca siad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do labhair an guth, frith Íosa ’n‐a aonar. Agus d’fhanadar‐san ’n‐a dtost, agus níor inniseadar d’aoinneach ins na laethibh sin i dtaob a bhfacadar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar teachd don ghuthsin, do fríoth Iósa na áonar. Agus do bhadarsan na dtochd, agus nior innisiodar dáonduine ann sna laéthibhsin ní ar bith dhá bhfacadar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus le linn au ghutha do labhairt do fuaradh Íosa i n’aonar. Agus bhíodar-san ciúin, agus níor innseadar d’aoinne ins na laethanta san aon nídh de sna neithibh a chonacadar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach dʼfhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad dʼaon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu. |
Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”