Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.
Lúcás 9:34 - An Bíobla Naofa 1981 Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d'imigh siad siúd isteach sa scamall. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí sé á rá sin, tháinig néal anuas a raibh siad faoina scáth; agus bhí eagla orthu agus iad faoin néal. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus le linn dó a bheith ag rádh na neithe sin, tháinic néall, agus chuir a scáile ortha, agus ghlac siad eagla ag dul isteach san néall dóibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus le linn cainnte dhó, tháinig scamall, agus do chlúduigh sé iad: agus do bhí eagla ortha agus iad ag dul isteach fá’n scamall. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan a dubhairt sé só, táinic néull, agus do theilg sé agáile orrtha: agus do ghabh eagla iásdsan an tan do chuádar ann sa néull. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus au fhaid a bí sé ag rádh an méid sin tháinig sgamall agus do chlúdaigh sé iad, agus tháinig eagal ortha nuair a bhíodar ag dul isteach sa sgamall. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a dʼimigh siad siúd isteach sa scamall. |
Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.
Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa: “A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias” - agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá.
Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!”
Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;
Ansin dúirt Mánóach lena bhean: “Gheobhaimid bás, gheobhaimid, mar chonaiceamar Dia.”
Thuig Gideón ansin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann agus dúirt sé: “Faraor, a Thiarna Dia! Chonaic mé aingeal an Tiarna gnúis le gnúis!”