agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”
Lúcás 9:19 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhreagair siad, “Eoin Baiste; ach go ndeir dream eile gur tú Elía; agus dream eile, go bhfuil duine de na seanfháithe i ndiaidh éirithe.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt siad-san leis, ghá fhreagairt: Eoin Baiste, acht cuid eile, Elías, agus tuilleadh, gur duine de na sean-fháidhe a d’éirigh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagradar‐san, g‐á rádh, Eoin Baiste; acht adeir daoine eile, Élias; agus daoine eile, gur duine de na sean‐fháidhibh d’éirigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhreagradarsan agus a dubhradar, Eóin Baisde; agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, gur éighe fáigh éigin do na seanfháighibh a rís. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagradar-san agus dubhradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab amhlaidh a dh’eirigh duine de sna sean-fháidhibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt siad dá fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.” |
agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”
Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:
Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”
Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.”
Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d'fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?”
Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Agus dúirt Peadar á fhreagairt: “Críost Dé.”
D'fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair: “Ní mé.”
agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”
Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: “Is é seo an fáidh gan amhras.”
Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó d'oscail sé do shúile?” D'fhreagair sé: “Fáidh is ea é.”