Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 9:13 - An Bíobla Naofa 1981

Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile” -

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach ba é a dúirt sé leo, “Tugaigíse bia dóibh le n‑ithe.” Ar siadsan leis, “Níl againn ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc—sin mura n‑imímid a cheannach bia do na daoine seo uile.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht dubhairt seisean leo: Tabhairigidh sibh-se rud éigin le h-ithe dóibh. Agus dubhairt siad-san leis: Ní fhuil níos mó ná cúig h-aráin agus dhá iasc againn, sin muna dtéighimíd agus biadh a cheannach do’n tsluagh seo uilig.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht adubhairt seisean leo, Tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh. Agus adubhradar‐san, Ní fhuil againne acht cúig bollóga agus dhá iasc; muna dtéighmís ag ceannach bidh do na daoinibh seo go léir.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd a dubhairt seision riú, Tabhruidhsi ní lé na ithe dhóibh. Agus a dubhradarsan, Ní bhfuil ní is mó aguinn ná cúig aráin agus dá iásg, achd mona dteímis do cheannach bidh don phobal so nile.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus dubhairt sé leó: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar-san: Ní’l againn ach chúig bulóga agus dhá iasg, murab amhlaidh a raighmís agus bia cheannach do’n tsluagh mhór so go léir.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibh-se rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig bhuilín agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomh-thionól seo uile”–

Féach an chaibidil



Lúcás 9:13
8 Tagairtí Cros  

Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.”


óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann. Dúirt sé lena dheisceabail: “Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.”