Ansin chuir an fear a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail isteach ar an gcomhrá agus dúirt: ‘Is iad seo an dream a chuir an Tiarna amach uaidh chun dul anonn agus anall tríd an domhan.’
Lúcás 9:10 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ar bhfilleadh dóibh, dʼinis na haspail dó a raibh déanta acu. Agus thug sé leis iad go ndeachaigh i leataobh go cathair ar tugadh Bétsáida uirthi. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar philleadh do na h-Abstail, d’innis siad dó gach nídh dá ndearna siad, agus thug sé leis i leith iad agus bhain amach áit uaigneach ar de Bhethsaida í. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair d’fhill na h‐abstail, d’inniseadar dó a raibh déanta aca. Agus do rug sé leis iad, agus do chuaidh sé go h‐áit ar leith, go cathair ar a dtugtar Bétsáida. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ar bhfilleadh do na habsdalnibh, dinnseadar dhósan gach ní dhá ndearnadar. Agus ar na mbreith leis do, do chuáidh sé fá Leith ar fhásach na ciathreacha dá ngoirthear Betsáida. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d’innseadar dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh’ainim Betsaida. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide. |
Ansin chuir an fear a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail isteach ar an gcomhrá agus dúirt: ‘Is iad seo an dream a chuir an Tiarna amach uaidh chun dul anonn agus anall tríd an domhan.’
“Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.
“Cad a bheir dó seo labhairt mar sin? Is diamhasla dó é. Cé fhéadann peacaí a mhaitheamh ach amháin Dia?”
Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d'ainmse.”
Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.