Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.
Lúcás 8:50 - An Bíobla Naofa 1981 Chuala Íosa é, agus labhair leis: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid, agus beidh sí slán.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a chuala Íosa sin dʼfhreagair sé é, “Ná bíodh eagla ort; creid amháin, agus beidh sise ar fónamh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuala Íosa an focal sin dubhairt sé le h-athair an chailín: Ná bíodh eagla ort; creid amháin, agus béidh sí slán. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht, ar n‐a chlos sin d’Íosa, d’fhreagair sé é, Ná bíodh eagla ort: creid amháin, agus slánóchar í. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na chluinsin so Díosa, do fhreagair sé é, ag rádh, Na bíodh eagla ort: créid amhain, agus sláineóchthar í. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’airigh Íosa an focal agus dubhairt sé le h-athair an chailín: Ná bíodh eagal ort: creid amháin, agus beidh sí slán. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuala Íosa é, agus labhair leis: “Ná bíodh eagla ort; ach creid, agus beidh sí slán.” |
Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.
Ba chlos d'Íosa an comhrá agus dúirt le ceann urra na sionagóige: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid.”
Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.
Dúirt Íosa léi: “Mise an t‑aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,
Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?”
de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i d'athair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.
Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia