Lúcás 8:49 - An Bíobla Naofa 1981 Le linn dó bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin, tháinig fear ó theach an rialtóra a dúirt leis, “Tá dʼiníon marbh; ná cuir a thuilleadh buartha ar an Oide.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Le linn é bheith go fóill ag cainnt tháinic duine áirithe chuig uachtarán na sineagóige, agus dubhairt leis: Tá do inghean marbh; ná bí ghá bhodhradh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Le linn cainnte dhó, tháinig duine de theaghlach uachtaráin na sionagóige, g‐á rádh, Atá t’inghean tar éis báis; ná cuir a thuilleadh buaidheartha ar an Máighistir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An feadh do bhí seision ag labhairt, táinic neach áirige ó úachdarán na sinagóige, da rádh ris, Fúair binghean bás; ná cuir buaidhreadh ar an Mhaghisdir. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus é ag rádh na cainte sin tháinig duine chun uachtarain na sinagóige agus dubhairt sé leis: Tá t’inghean thar éis bháis, ná bí ’ghá chur chun trioblóide. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Le linn dó a bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá dʼiníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.” |
Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm;
Le linn dó bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus d'umhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”
Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa
agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’; -
Agus d'imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí: