Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 7:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 D'fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus dubhairt Ahas, Ní íarrfad, agus ní chuirfiod cathughadh air an TTIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 7:12
9 Tagairtí Cros  

Thug Áchaz rí an t‑ordú seo do Úiriá an sagart: “Dóigh as seo amach ar an altóir mhór íobairt dhóite na maidine, abhlann an tráthnóna, íobairt uileloiscthe an rí agus a abhlann, agus íobairt uileloiscthe phobail na tíre go léir, agus a n‑abhlann, agus a n‑ofráil dí. Croith uirthi fuil na n‑íobairtí dóite go léir agus fuil na n‑ofrálacha go léir. Maidir leis an altóir chré-umha, beidh sí fúm féin le haghaidh oracal.”


Ina chruachas dó, d'éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:


“Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”


Ansin dúirt sé: “Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví, an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?


Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.’ ”


“Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras coiscéimeanna na ndaoine atá tar éis d'fhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.”


Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad.


Ná déan promhadh ar an Tiarna bhur nDia, mar rinne sibh leis ag Masá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí