Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,
Lúcás 7:26 - An Bíobla Naofa 1981 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheicéail? Fáidh, an ea? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cé mar sin arbh fhiú daoibh dul a fhéachaint air? An fáidh é a bhí ann? Deirim libh gurb ea, agus gur mó arís ná fáidh é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Fáidh? Is eadh, deirim libh, agus duine is mó ná fáidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht créad é go ndeachamar amach le n’fheicsin? Fáidh an eadh? Is eadh adeirim libh, agus duine is mó go mór ’ná fáidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd créd é an ní agá ndeachubhair amach dhá fhéuchuin? Fáidh? A deirim ribh go firinneach, agus ní as mó ná faidh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a chuadhabhair amach? Fáidh an eadh? Iseadh, a deirim libh, agus duine is mó ’ná fáidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheicéail? Fáidh, an ea? Is ea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. |
Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,
“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.
Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”
Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe in éadaí míne? Iad seo a bhíonn gléasta go niamhrach agus a mhaireann go beadaí, is i bpáláis na ríthe atá siad.
Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’
Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.