Lúcás 6:36 - An Bíobla Naofa 1981 Bígí sibhse atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bígíse trócaireach, mar atá bhur nAthairse trócaireach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, bígidh trócaireach, mar atá bhur n-Athair trócaireach fosta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Bidhidh trócaireach, d’á bhrigh sin, fá mar atá bhúr nAthair trócaireach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Bhídhidh, d’á bhrígh sin, atruaghach fé mar atá bhúr n-Athair atruaghach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bígí sibh-se atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach. |
Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.
Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh.
Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.
Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.