Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 6:34 - An Bíobla Naofa 1981

Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís an oiread céanna ar ais.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus má thugann sibh iasachtaí don dream a bhfuil sibh ag súil le ní a fháil uathu, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh ann? Nach dtugann peacaigh iasachtaí do pheacaigh ionas go bhfaighidh siad a gceart.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus má bheir sibh iasacht dóbhtha sin ó n-a bhfuil súil agaibh é d’fhagháil thar ais, cad é an buidheachas a bhíos oraibh? Óir bheir peacaigh iasacht do pheacaigh chun a gcothrom d’fhagháil thar ais.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus má bheir sibh iasacht dóibh‐sean gur dóigh libh go bhfaighidh sibh nidh uatha, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? Óir do‐bheir na peacaigh féin iasacht uatha chum an oiread céadna d’fhágháil ar ais arís.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus dá dtugtháoi áirleagadh dona dáoinibh ó a sáoltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus bhias oruibh? óir do bheirid na peachthaidh áirleagadh do na peachthachaibh, do chum go bhfuighdís a leitheid a rís.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus má thugann sibh iasacht do’n mhuintir ó n-ar dóigh libh go mbeidh iasacht le fághail agaibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha iasachtaí uatha do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a dh’fhághail thar n-ais.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís a oiread céanna ar ais.

Féach an chaibidil



Lúcás 6:34
5 Tagairtí Cros  

An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl.


Agus má dhéanann sibh an mhaith dóibh seo a dhéanann an mhaith daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Déanann na peacaigh féin an rud céanna.


Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.