Déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia agus cuirfidh mé beannacht ar d'arán agus ar d'uisce agus tógfaidh mé an easláinte chun siúil uait amach.
Lúcás 4:4 - An Bíobla Naofa 1981 Agus d'fhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’ ” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ba é freagra Íosa air, “Tá scríofa, ‘nach ar arán amháin a bheas an duine beo.’” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhreagair Íosa é: Tá sé scríobhtha: Ní ar arán amháin a mhaireas an duine, acht ar an uile bhriathar Dé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair Íosa é, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhreagair Iósa é, ag rádh, A tá sgríobhtba, Nach lé harán a mháin mhairfios an duine, achd lé gach uile bhréithir Dé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair Íosa é: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach briathar a thagann ó Dhia. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dʼfhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’” |
Déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia agus cuirfidh mé beannacht ar d'arán agus ar d'uisce agus tógfaidh mé an easláinte chun siúil uait amach.
chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
‘Fág do dhílleachtaí, coinneoidh mise bia leo, bíodh muinín ag do bhaintreacha asam.’ ”
Dúirt sé á fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’ ”
Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’
Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”
óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’;
Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.”
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”
D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.