Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 24:5 - An Bíobla Naofa 1981

Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus nuair a tháinig eagla orthu agus a chrom siad a gcinn go talamh, dúirt na fir leo, “Cad chuige daoibh bheith ag iarraidh an bheo i measc na marbh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus mar go raibh eagla ortha agus chrom siad a n-aghaidh chun an talaimh, dubhairt siad-san leo: Cad chuige a gcuartuigheann sibh an beo i dteannta na marbh?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus do bhí scannradh ortha, agus do chromadar a n‐aighthe chum na talmhan, agus adubhradar‐san leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheo i measc na marbh?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar na ngabháil eagla dóibsion, agus ar gcromadh a naighthe chum na talmhan, a dubhradarsan ríu, Créud fa níartháoi eidir na marbhuibh an lé atá beo?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus tháinig eagal ortha, agus chromadar a n-agaidh chun an tailimh, agus dubhradar-san leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheó ameasg na marbh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siad-san leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?

Féach an chaibidil



Lúcás 24:5
15 Tagairtí Cros  

Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo.


Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu.


Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl,


Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d'fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:


Ina theannta sin, [i gcás na sagart] is daoine básmhara a fhaigheann na deachaithe; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí.


ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann: