Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé, Ní chreidim go n‑éistfeadh sé le mo bhriathar.
Lúcás 24:41 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair nár fhéad siad a chreidiúint go fóill trí mhéid a lúcháire agus a n‑iontais, ar seisean leo, “An bhfuil bia ar bith agaibh anseo?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair nár chreid siad go fóill, agus iad ag déanamh iongantais tré lúthgháir, dubhairt sé: An bhfuil dadamh annseo agaibh le h-ithe? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ó bhíodar díchreidmheach fós le méid a n‐áthais, agus iad ag déanamh ionganta, adubhairt sé leo, An bhfuil rud ar bith le n’ithe agaibh annso? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré gháirdeachas, agus ag déanamh iongantais, a dubhairt seision ríu, An bhfuil bíadh ar bith agaibh ann so? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair ná creidfidís fós, ach iad ag déanamh iongna tré mhéid a n-áthais, dubhairt sé: An bhfuil anso agaibh aon nídh a dh’íosfí? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionaidh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a dʼíosfaí?” |
Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé, Ní chreidim go n‑éistfeadh sé le mo bhriathar.
Ach nuair a chuala siadsan go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad.
Tháinig siadsan ar ais agus d'inis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iadsan.
Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d'athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe.
agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iadsan a chur os a gcomhair freisin.
Ach samhlaíodh dóibh sin nach raibh sna ráite úd ach seafóid agus níor chreid siad iad.
Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.
Dúirt Íosa leo: “Níl aon iasc agaibh, an bhfuil, a chlann ó?” “Níl,” ar siad á fhreagairt.
Nuair a d'aithin sí guth Pheadair, le méid an áthais a bhí uirthi, in ionad an doras a oscailt, rith sí isteach ag fógairt dóibh go raibh Peadar ina sheasamh ag an doras.