Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham, óir is tú mo dhídean, a Thiarna.
Lúcás 23:46 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ansin dʼéigh Íosa os ard, agus ar seisean, “A Athair, tiomnaim mo Spiorad i do lámhasa!” Agus nuair a bhí sin ráite aige, dʼfhág an anáil é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus scairt Íosa amach de guth árd, agus dubhairt: A Athair, cuirim mo spiorad isteach i do lámha. Agus ghá rádh sin dó, shíothluigh sé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd, agus adubhairt, A Athair, do‐bheirim m’anam i leith do lámh‐sa; agus ag rádh na bhfocal sin dó, do scar a anam leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa, do ghuth árd: A Athair, cuirim mo spioraid isteach ad’ lámhaibh. Agus ag rád na bhfocal san dó, d’éag sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé. |
Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham, óir is tú mo dhídean, a Thiarna.
sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.
Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcrích.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad.
Fad a bhí siad á chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard á rá: “A Thiarna Íosa, glac chugat m'anam.”
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.
Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.