Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 22:7 - An Bíobla Naofa 1981

Tháinig lá an tSlimaráin nuair nárbh fholáir an cháisc a íobairt.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ba ansin a tháinig lá an Aráin gan Laibhín, an lá ar chóir uan na cásca a mharú mar íobairt.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus tháinic lá an aráin gan deascaidh i n-arbh éigean an cháisc a mharbhadh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tháinig lá an aráin gan laibhín, nuair ba cheart uan na Cásca do mharbhadh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd táinic lá a naráin gan laíbhín, ann ar bhéigin an tuan cásg do mharbhadh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus tháinig lá an aráin gan giost, nuair ba cheart an t-uan cásga do mharbhú.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tháinig lá an tSlimaráin nuair nárbh fholáir an cháisc a íobairt.

Féach an chaibidil



Lúcás 22:7
7 Tagairtí Cros  

Sa chéad mhí, tráthnóna an cheathrú lá déag den mhí agus uaidh sin go dtí tráthnóna an aonú lá fichead, íosfaidh sibh arán gan ghabháile.


Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n‑uain idir dhá sholas tráthnóna.


Bhí féile an tSlimaráin, ar a dtugtar an Cháisc, in achmaireacht.


Thug sé a gheall, agus bhí ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh dóibh i leith ón slua.


Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh - agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n‑uan Cásca, íobartha.