Azairiá mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichítiúb, reachtaire theach Dé;
Lúcás 22:4 - An Bíobla Naofa 1981 D'imigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dʼimigh sé go ndeachaigh i gcomhairle leis na hardsagairt agus leis na ceannfoirt faoi conas a chuirfeadh sé ina lámha é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’imthigh sé agus labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus le ceannairí an ghárda fá’n chaoi ina mbraithfeadh sé dóibh é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’imthigh sé, agus do ghlac sé cómhairle le h‐uachtaránaibh na sagart agus leis na ceann‐phortaibh, cionnas bhéarfadh sé ar láimh dóibh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar nimtheachd amach dhé, do labhair sé ris na hárdsagartaibh agus ris na húachdaranuibh, cionnas do bhraithfeadh sé eision dhóibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’imthigh sé agus do labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus leis na giúistísíbh, ar conus a dhéanfadh sé é thabhairt suas dóibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼimigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é. |
Azairiá mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichítiúb, reachtaire theach Dé;
Sharáiá, mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichitiúb, reachtaire Theampall Dé,
Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart
Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí?
Fad a bhí siad ag caint leis an slua, tháinig na sagairt agus ceannfort an Teampaill agus na Sadúcaigh suas chucu
Nuair a chuala ceannfort an Teampaill agus na hardsagairt an scéal seo, ní fhéadfaidís a thuiscint cad a bhí tite amach dóibh.
Ansin d'imigh an ceannfort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad.