Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh
Lúcás 22:39 - An Bíobla Naofa 1981 Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼimigh sé mar ba ghnáth leis go Cnoc na nOlóg; agus lean na deisceabail é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar dhul amach dó, chuaidh sé do réir a ghnáis go Sliábh na n-Ológ. Agus lean a dheisciobail é fosta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tháinig sé amach, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, go cnoc na nOla‐chrann; agus do lean na deisceabail ’n‐a dhiaidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar nimtheachd amach dhó, do chúaidh sé, do réir a ghnáthuighthe, go slíabh na Noluidheadh; agus fós do leanadar a dheisciobuil é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuaidh sé amach, agus chuaid sé, mar ba ghnáth, go Cnoc na n-Ola-chrann. Agus do lean a dheisgiobuil é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é. |
Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh
Agus chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, agus isteach sa Teampall. Bhreathnaigh sé ar gach ní ina thimpeall, ach ó bhí an déanaí ann cheana féin, chuaigh sé amach go Béatáine leis an dáréag.
Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg ar aghaidh an Teampaill, chuir Peadar, Séamas, Eoin agus Aindrias ceist chuige ar leithligh:
Bhíodh sé ag teagasc ar feadh an lae sa Teampall, ach san oíche théadh sé amach agus thugadh an oíche ar an gcnoc ar a dtugtar Ola-Choill.