ná tiachóg chun an bhóthair, ná an dá léine, ná cuaráin ná bata; mar tá an fear oibre i dteideal a choda.
Lúcás 22:36 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé leo, “Ach anois, an té a bhfuil sparán aige, beireadh sé leis é, agus mála lena chois. Agus an té nach bhfuil claíomh aige díoladh sé a fhallaing le ceann a cheannach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt siad-san: Ní raibh. Ar an adhbhar sin, dubhairt sé leo: Acht anois, an té a bhfuil sparán aige, beireadh sé leis é; agus mála, mar an gcéadna; agus an té nach bhfuil, díoladh sé a chasóg, agus ceannuigheadh sé claidheamh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo, Acht anois, an té ag a bhfuil sparán beireadh sé leis é, agus mála, leis: agus an té nach bhfuil claidheamh aige, díoladh sé a bhrat, agus ceannuigheadh sé ceann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é ’go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach. |
ná tiachóg chun an bhóthair, ná an dá léine, ná cuaráin ná bata; mar tá an fear oibre i dteideal a choda.
Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”
Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”
Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.
Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”
Dúramar libh cheana, fad a bhíomar in bhur measc, go raibh ciapadh i ndán dúinn; rud a tharla mar is eol daoibh.
Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, dá bhrí sin, bíodh an tuiscint chéanna mar arm agaibhse, an té a d'fhulaing sa cholainn, gur scar sé leis an bpeaca,