Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:36 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus adubhairt sé leo, Acht anois, an té ag a bhfuil sparán beireadh sé leis é, agus mála, leis: agus an té nach bhfuil claidheamh aige, díoladh sé a bhrat, agus ceannuigheadh sé ceann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 Agus dúirt sé leo, “Ach anois, an té a bhfuil sparán aige, beireadh sé leis é, agus mála lena chois. Agus an té nach bhfuil claíomh aige díoladh sé a fhallaing le ceann a cheannach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Agus dubhairt siad-san: Ní raibh. Ar an adhbhar sin, dubhairt sé leo: Acht anois, an té a bhfuil sparán aige, beireadh sé leis é; agus mála, mar an gcéadna; agus an té nach bhfuil, díoladh sé a chasóg, agus ceannuigheadh sé claidheamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é ’go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

36 Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:36
10 Tagairtí Cros  

ná mála i gcómhair an aistir, ná dhá chasóig, ná bróga, ná bata: óir is fiú an t‐oibridhe a chuid bidh.


Agus adubhairt sé leo, Nuair do chuireas uaim sibh gan sparán, gan mála, gan bróga, an raibh éinnidh i n‐easnamh oraibh? Agus adubhradar, Ní raibh.


Óir adeirim libh, go gcaithfear an nidh seo atá scríobhtha do cóimhlíonadh ionnam‐sa, Agus do h‐áirmheadh é le cuirptheachaibh: óir an méid bhaineas liom atá sé d’á chóimhlíonadh.


Agus adubhradar, A Thighearna, féach, atá dhá chlaidheamh annso. Agus adubhairt sé leo, Is leor sin.


Cuimhnighidh ar an mbriathar adubhairt mé libh, Ní mó an seirbhíseach ná a mháighistir. Má rinneadar géir‐leanamhain orm‐sa, do‐ghéanaid géir‐leanamhain oraibh‐se mar an gcéadna; má choimhéadadar mo bhriathra‐sa, choimhéadfaidh siad bhúr mbriathra‐sa, leis.


Adubhairt mé an méid sin libh, chum go mbéadh síothcháin agaibh ionnam‐sa. Ata anró oraibh sa tsaoghal so: acht bíodh meisneach agaibh; atá buaidhte agam‐sa ar an saoghal.


Óir nuair bhíomar ’n‐bhur bhfochair, d’inniseamar roimh ré dhaoibh go bhfuil anró le fulang againn; rud tháinig chum críche, mar is eol daoibh féin.


D’á bhrigh sin, ó thárla gur fhulaing Críost san bhfeoil, bíodh an aigne chéadna sin mar arm agaibh; óir an té d’fhulaing san bhfeoil, atá sé scartha le peacadh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí