Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 22:11 - An Bíobla Naofa 1981

agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n‑ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus abraigí le fear an tí, ‘Is é a deir an tOide leat, cá bhfuil an seomra aíochta, a n‑íosfaidh mé an cháisc ann i gcuideachta mo dheisceabal?’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus déarfaidh sibh le fear an tighe: Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seomra aoidheachta, go n-ithidh mé an cháisc i dteannta mo dheisciobal?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus adéarfaidh sibh le fear an tighe, Adeir an Máighistir leat, Cá bhfuil an seomra aoigheachta, i n‐a n‐íosfad an Cháisc i gcuibhreann mo dheisceabal?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín, iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus abraidh le fear an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo dheisgiobul?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n-ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’

Féach an chaibidil



Lúcás 22:11
9 Tagairtí Cros  

scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’ ”


Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n‑ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’


Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: ‘Cad chuige a bhfuil sibh á scaoileadh?’ is é a déarfaidh sibh: ‘Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.’ ”


Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,”


Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”


Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul,


Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra in airde staighre agus feisteas mar is cóir air; déanaigí an réiteach ansiúd.”


Arna rá sin di, d'imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.”


Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa.