Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”
Lúcás 20:5 - An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, á rá: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuaigh siad á chíoradh le chéile, agus iad á rá, “Má deirimid féin ‘Ó neamh,’ is é a déarfas seisean, ‘Cad chuige nár chreid sibh é?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht mheabhruigh siad-san eatortha féin, ag rádh: Má deirimíd: Ó neamh, déarfaidh sé: Cad chuige, ar an adhbhar sin, nár chreid sibh é? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐rinneadar conspóid le n‐a chéile, g‐á rádh, Má déarfaimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádh, Má dermíd, O neamh; déara seisean, Créd fá nar chreideabhairsi dhó? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhíodar ag machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é déarfaidh sé: Cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, dá rá: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’ |
Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”
Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’
Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”
Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’
Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”
An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.”
agus nuair a bhí Eoin ag teacht go deireadh a chúrsa, is é a dúirt sé: ‘Ní mise an té is dóigh libhse is mé, mar tá duine le teacht i mo dhiaidhse agus ní fiú mise go scaoilfinn a bhróga.’