Imíonn glúin amháin as agus tagann ceann eile ina háit ach fanann an domhan ann go deo.
Lúcás 20:32 - An Bíobla Naofa 1981 Sa deireadh, fuair an bhean féin bás. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Fuair an bhean bás freisin ina dhiaidh sin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ina ndiaidh uilig fuair an bhean bás fosta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) I n‐a dhiaidh sin fuair an bhean féin bás. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a ndiaigh cháich aile fúair an bhean bás mar an gcéadna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) ’N-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Sa deireadh, fuair an bhean féin bás. |
Imíonn glúin amháin as agus tagann ceann eile ina háit ach fanann an domhan ann go deo.
Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.
agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás.
San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.”
Caithfidh gach duine bás a fháil an t‑aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air.
Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n‑aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d'Iosrael.