Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael; Ach dá líonmhaire a thorthaí, b'amhlaidh ba líonmhaire a altóirí; agus dá shaibhre a chuid talún, b'amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.
Lúcás 20:11 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir sé an dara seirbhíseach chucu ansin; ach bhuail siad é agus thug siad drochíde dó, agus thiomáin ar shiúl é agus a lámha folamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuir sé seirbhíseach eile arís. Acht bhuail siad é sin fosta, agus i ndiaidh droch-íde a thabhairt dó, chuir siad ar shiubhal folamh é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir sé searbhónta eile: agus do ghabhadar air‐sean, agus thugadar droch‐íde air, agus do chuireadar uatha folamh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh uátha é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuir sé seirbhíseach eile chúcha. Ghabhadar air sin, leis, agus thugadar tarcuisne dhó, agus chuireadar uatha folamh é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é. |
Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael; Ach dá líonmhaire a thorthaí, b'amhlaidh ba líonmhaire a altóirí; agus dá shaibhre a chuid talún, b'amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.
Agus arís chuir sé seirbhíseach eile chucu; ghoin siad é sin sa cheann agus thug siad easonóir dó.
Nuair a tháinig an t‑am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh.
Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é ghoin agus é thiomáint amach.
Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,
Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d'ainneoin fhreasúra láidir.