Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 19:18 - An Bíobla Naofa 1981

Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.’

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus tháinig an dara duine ina láthair go ndúirt sé, ‘A Thiarna, tá cúig phunt gnóthaithe ag do phuntsa.’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus tháinic an dara duine agus dubhairt: A Thighearna, rinne do phunta cúig phunta.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tháinig an dara duine, agus adubhairt sé, A thighearna, do‐rinne do phúnt cúig púint.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus táinic an dara fear, ag rádh, A thighearna, do rinne do phíosa cúig piosa.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus thainig an tarna duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt chúig phúint.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a Thiarna.’

Féach an chaibidil



Lúcás 19:18
7 Tagairtí Cros  

Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”


Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d'fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’


Agus iad seo a ghlac an síol ar an talamh maith, is iad seo na daoine a chluineann an briathar agus a ghabhann chucu é, agus a thugann toradh uathu faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”


Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’


Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”


Dúirt sé leis sin chomh maith: ‘Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.’


Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,