Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.
Lúcás 18:18 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhiafraigh rialtóir de, “A Oide mhaith, cad é a dhéanfaidh mise le seilbh a fháil ar an mbeatha shíoraí?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhiafruigh uachtarán áirithe de, ag rádh: A Mháighistir mhaith, cad é dhéanfas mé chun beatha shíorraidhe a shealbhadh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do cheistigh taoiseach áirithe é, g‐á rádh, A Mháighistir mhaith, céard atá le déanamh agam chum go mbéidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht agam? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dfafruigh úachdarán áirighe dhe, ag rádh, A Mhaighisdir mhaith, créd do dhéana mé lé a sealbhócha mé an bheatha mharthanach? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” |
Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.
“Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t‑ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m'ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ‘Conas a mhaslaíomar d'ainm?’
Dúirt Íosa leis: “Cad chuige go ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin.
Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?
Ansin sheol sé amach iad agus d'fhiafraigh díobh: “Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófaí mé?”
Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”