Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 17:12 - An Bíobla Naofa 1981

agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Casadh deichniúr lobhar air agus é ag dul isteach i mbaile beag,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ag dul isteach i mbaile áirithe dó, casadh air deichneabhar lobhar, a sheasuigh i bhfad uaidh,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus ag dul isteach i mbaile beag áirithe dhó, do casadh air deichneabhar do bhí ’n‐a lobharaibh, agus do stadadar i bhfad uaidh:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tráth do chuáidh sé a sdeach go baile áirighe, tárladar deithneabhar fir lóbhar air, do sheas a bhfad úadh:

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus ag dul isteach dó i mbaile áirithe do bhuail deichniúbhar lobhar uime, agus do sheasuigheadar abhfad amach uaidh,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

agus le linn dó a bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh,

Féach an chaibidil



Lúcás 17:12
9 Tagairtí Cros  

Ach leanfaidh lobhra Námán díot féin agus de do shliocht go brách.” Agus d'imigh Géichizí óna láthair ina lobhar, chomh geal le sneachta.


Bhí ceathrar ag an mbealach chun an gheata - mar lobhair ab ea iad - agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin: “Cad ab áil linn inár suí anseo ag feitheamh leis an mbás?


“Cuir do lámh ar ais i do bhrollach,” ar sé. Agus chuir sé a lámh ar ais ina bhrollach agus nuair a tharraing sé amach í, b'shiúd í slán arís mar an chuid eile dá chneas.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.”


Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’


I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”