Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.
Lúcás 16:4 - An Bíobla Naofa 1981 Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach anois tá mʼintinn socair ar an rud a dhéanfas mé, ionas go nglacfaidh na daoine isteach ina dtithe mé nuair a chuirfear as an maoracht mé.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tá a fhios agam cad é dhéanfas mé, ionnas, nuair a chuirfear as an stiubhardacht mé, go nglacaidh siad isteach ina dtighthe mé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Atá a fhios agam créad do‐ghéanad, ar mhodh, nuair cuirfear mé as an maoirseacht, go nglacfaid mé ’n‐a dtighthibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá a fhios agam créd do dhéana mé, ionnas, an tan cuirfightear as an sdíobhardachd me, go ngéubhuidh síad chucha mé dá dtighthibh féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’ |
Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.
“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc.
Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’
Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.
Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, agus diabhlaí.