Lúcás 14:35 - An Bíobla Naofa 1981 Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Níl aon mhaith ann do thalamh ná don charn aoiligh; agus bíonn na daoine á chaitheamh uathu. An té a bhfuil cluas le héisteacht air, éisteadh sé.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ní bhíonn maith ann do’n talamh, ná do’n charn aoiligh, acht caithfear amach é. An té a bhfuil cluasa chun éisteachta air, éisteadh sé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ní fhóghnann sé do’n talamh ná do’n charn aoiligh: caithtear amach é. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní bhfuil féidim air chum na talmhon, ná chum a naóiligh; teilid daoine amach é. Gidh bé agá bhfuilid clusa chum éisdeachda, éisdeadh sé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní’l tairbhe ann do’n talamh ná chun aoiligh; caithtear amach é. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta cloiseadh sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é a chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!” |
Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: ‘A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis,
Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!”
“Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”
Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua, ní baol dó dochar ón dara bás.”
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.”
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”