“Beidh mórán dá bhfuil ar tosach ar deireadh agus dá bhfuil ar deireadh ar tosach.
Lúcás 13:30 - An Bíobla Naofa 1981 Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus féach, beidh cuid dá bhfuil ar deireadh ar tosach, agus tá cuid dá bhfuil ar tosach a bheidh ar deireadh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, an mhuinntir a bhéas i dtoiseach tá siad ar deireadh, agus an mhuinntir a bhéas ar deireadh, tá siad i dtoiseach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, atá daoine ar deireadh bhéas ar tosach, agus atá daoine ar tosach bhéas ar deireadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, ataíd dáoine ar deireadh bhiás a dtosach, agus atáid a dtósach bhiás ar deireadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, tá daoine ar deire a bheidh ar tusach, agus tá daoine ar tusach a bheidh ar deire. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!” |
“Beidh mórán dá bhfuil ar tosach ar deireadh agus dá bhfuil ar deireadh ar tosach.
Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”
“Tá a lán ar tosach a bheidh ar deireadh, agus a lán ar deireadh a bheidh ar tosach.”