Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 13:29 - An Bíobla Naofa 1981

Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus tiocfaidh an domhan thoir agus an domhan thiar, agus an tuaisceart agus an deisceart, ina suí ag bord i ríocht Dé.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus tiocfaidh siad anoir agus aniar, adtuaidh agus andeas, agus suidhfidh siad i ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tiocfaidh siad ó’n domhan thoir, agus ó’n domhan thiar, andeas agus adtuaidh, agus suidhfidh siad síos i ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus tiocfuid mórán ó nard shoir, agus ó naird shiár, agus ó thúaidh, agus ó dheas, agus suidhfid síos a rioghachd Dé.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus tiocfaid siad ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, ó’n gceann tuaidh agus ó’n gceann teas, agus suidhfid siad síos i rígheacht Dé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé.

Féach an chaibidil



Lúcás 13:29
14 Tagairtí Cros  

Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.


Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’ agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’ Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéin agus m'iníonacha ó chríocha na talún,


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.


Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas;


Agus ansin cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre gaotha, ó imill na talún go himill neimhe.


Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”


“Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.”


Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.


a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.