Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra, do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,
Lúcás 11:46 - An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt seisean: “Agus daoibhse freisin is mairg, dlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé, “Is mairg daoibh freisin, a dhlíodóirí! Mar leagann sibh ualaí troma do-iompair ar dhaoine, agus ní thógann sibhse na hualaí le méar de bhur méara. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean: Is mairg díbh-se fosta, a dhlightheoirí, óir leagann sibh ar na daoine ualaighe, nach féidir leo a n-iomchar, agus le h-oiread agus méar libh, ní bhaineann sibh féin leis na h-ualaighe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, Is mairg daoibh‐se, leis, a lucht dlighe! óir cuireann sibh ualaighe ar na daoinibh thar a riocht, agus ní chuireann sibh féin oiread agus bárr méire ar aon ualach díobh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt seision, As anáoibhinn dáoibhsi leis, a luchd dlighe! oír curtháoi úaluidhe dóiomchur ar na dáoinibh, agus ní bheantháoi féin ris na húaladhaibh lé háon da bhur méuraibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leis: Agus is mairg daoibh-se féin, a lucht eóluis ar an ndlígh, óir cuireann sibh ar na daoine ualaí nách féidir dóibh a dh’iompar, agus ní chuireann sibh féin bara méire chun na n-ualaí. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt seisean: “Agus daoibhse freisin is mairg, a dhlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna. |
Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra, do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,
An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh;
Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.”
Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.
Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeallghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibhse a bheith timpeallghearrtha d'fhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn.