An féidir an chreach a bhaint den ghaiscíoch, nó príosúnach an aintiarna a tharrtháil?
Lúcás 11:21 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhíonn tréanfhear faoi iomlán arm ag coimeád a pháláis féin, bíonn a mhaoin go socair sámh; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nuair a chongbhuigheas fear láidir armtha a chúirt, bhíonn a bhfuil ina sheilbh fá shíothcháin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nuair bhíos fear tréan, gléasta i n‐arm ag cosaint a chúirte féin, bíonn síothcháin ar a bhfuil aige: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An tan choimhéadas duine láidir armálta a chúirt féin, atá a bhfuil aige a siothchaín: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair a bíonn fear láidir, armtha, ag coimeád a thighe bíonn síothcháin ar gach nídh ’n-a sheilbh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábháilte. |
An féidir an chreach a bhaint den ghaiscíoch, nó príosúnach an aintiarna a tharrtháil?
Nó fós, conas a d'fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach.
Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh.
Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.
Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt.