Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Ach más le méar Dé a bhím ag caitheamh amach na ndeamhan, is cruthú é sin go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Acht má theilgim amach na deamhain le méir Dé, tháinic ríoghacht Dé gan amhras chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Acht má’s le cumhacht Dé chuirim‐se na deamhain amach, annsin atá ríoghacht Dé tagtha chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Ach cheanna más le méur Dé theilgimsi amach na deamhain, gan chunntabhairt tháinic ríoghachd De chuguibhsi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus má’s le cómhacht Dé a chuirim amach na deamhain, dar ndó siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Ach más trí mhéar Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:20
11 Tagairtí Cros  

Agus dúirt na draíodóirí le Forann: “Lámh Dé é seo!” Ach chruaigh croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.


Ach más trí Spiorad Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh cheana.


“Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”


Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.


‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’


agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’


Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta.


“Tá a fhios agam anois nach bhfeicfidh sibhse mo ghnúis níos mó, sibhse go léir ar shiúil mé in bhur measc ag fógairt na ríochta.


Is léiriú é sin ar bhreithiúnas cothrom Dé, mar is é a thiocfaidh as go mbeidh sibhse i dteideal ríocht Dé a bhaint amach toisc sibh a bheith ag fulaingt ar a son;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí