Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?
Lúcás 11:18 - An Bíobla Naofa 1981 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? - os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus má dheighiltear Sátan ina éadan féin freisin, conas a sheasfaidh a ríochtsan? Mar deir sibhse go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus mar an gcéadna, má bhíonn Satan roinnte ina aghaidh féin, cad é mar sheasóchas a ríoghacht? Óir deir sibh-se gur tré Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus má atá Sátan deighilte ann féin, cionnas sheasfas a ríoghacht? óir adeir sibh‐se gur tré Bhelsibub chaithim‐se amach na deamhain. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mar an gcéada dá raibh Sátan roinnte na aghaidh féin, cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a deirthísi gur ab trí Bheelsébúb theilgimsi amach na deamhain. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus má tá Sátan deighilte ’n-a choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasfaidh a ríocht?–ós dá rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. |
Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?
Agus más é Sátan a chaitheann Sátan amach, tá sé ar deighilt ina aghaidh féin, agus dá réir sin conas a sheasfaidh a ríocht?
Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”