Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 11:16 - An Bíobla Naofa 1981

Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus bhí dream eile i ndréim lena fhéachaint, agus iad ag iarraidh air comhartha ó neamh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ag cur féachála air, d’iarr dream eile cómhartha ó neamh uaidh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’iarr cuid eile aca cómhartha ó neamh air, g‐á thriail.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus dream eile, ag cur chathaighthe air, do iárradar comhartha ó neamh air.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’iarr tuille acu air, ag déanamh fromhtha air, cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, dá phromhadh.

Féach an chaibidil



Lúcás 11:16
7 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí na sluaite ag tiomsú chuige, thosaigh sé ag rá: “Is drochghlúin an ghlúin seo: tá sí ag lorg comhartha, agus comhartha ní thabharfar di ach comhartha Ióna.


Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh?


Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.


Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,”