Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 10:25 - An Bíobla Naofa 1981

D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus bʼshiúd dlíodóir a sheas suas á fhéachaint, agus dúirt sé, “A Oide, cad é a dhéanfas mé leis an mbeatha shíoraí a shealbhú?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus féach, d’éirigh dlightheoir áirithe ina sheasamh, ag cur féachála air, agus ag rádh: A Mháighistir, cad é is éigean damh a dhéanamh leis an bheatha shíorraidhe a ghnóthughadh?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus féach, d’éirigh fear dlighe ’n‐a sheasamh, agus do bhain sé triail as, g‐á rádh, A Mháighistir, créad atá le déanamh agam chum na beathadh síorraidhe d’fhágháil mar oighreacht.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag cur chathaighthe airsion, agus ag rádh, A Mhaighhisdir, créd do dhéana mé ionnus go bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus féach, d’eirigh fear dlighe chun triail a bhaint as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad tá le déanamh agam chun na beatha sióruidhe do shealbhú?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dʼéirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, dá phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeidh mé páirteach sa bheatha shíoraí?”

Féach an chaibidil



Lúcás 10:25
13 Tagairtí Cros  

Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d'fhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”


D'fhreagair sé agus dúirt leo: “Cad a d'ordaigh Maois daoibh?”


Duine de na scríobhaithe, a bhí ag éisteacht leo ag aighneas, nuair a thug sé faoi deara a fheabhas a fhreagair Íosa iad, tháinig sé chuige agus chuir sé ceist air: “Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?”


Óir deirim libh, b'áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”


Dúirt sé leis: “Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?”


D'fhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”


Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh.


Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.


Más le ceart dlí a thagann an oidhreacht, ní de bharr gealltanais í a thuilleadh. Is trí ghealltanas, áfach, a bhronn Dia ar Abrahám í.