Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Lúcás 10:17 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d'ainmse.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼfhill an seachtó duine faoi áthas agus iad á rá, “A Thiarna, bíonn go fiú na ndeamhan umhal dúinn i dʼainmse!” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus phill an dáréag agus trí fichid fá lúthgháir, ag rádh: A Thighearna, tá na deamhain féin faoi n-ár smacht i d’ainm-se. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhill an deichneabhar agus trí fichid ar ais, agus áthas ortha, g‐á rádh, A Thighearna, atá na deamhain féin fá smacht againn tré t’ainm‐se. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhilleadar an deithneabhar agus trí fichid maille lé gáirdeachas, ag rádh, A Thighearna, ataíd na deamhuin féin fá smachd aguinne tréd ainmsi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig an dáréag a’s trí fichid thar n-ais agus gáirdeachas ortha, agus dubhradar: A Thighearna, táid na deamhain féin fé n-ár smacht tré t’ainim-se. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i dʼainm-se.” |
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
“Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m'ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua;
Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.
Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”
agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’
Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas.
Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.
Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanná bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní.