Lúcás 1:5 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) San am úd a raibh Iorua ina rí ar Iúdaea, bhí sagart ann a raibh Secaría mar ainm air, sagart dʼaicme Abíá; agus ba de chlann iníonacha Áróin a bhanchéile arbh ainm di Elisabét. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Le linn loruaidh, rí Iudaia, bhí sagart áirithe ann darbh ainm Sacaire, de sheal Abia, agus ba de shliocht Aaroin a bhean, agus Elisabet ab ainm dí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Le linn loruaith, rí Iúdaea, do bhí sagart áirithe darbh ainm Sacharias, de roinn Abia: agus do bhí bean de shliocht Aaróin aige, agus Elisabet ab ainm dí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Re linn Iorúaith, rí thire Iúdaighe, do bhí sagart airighe dár bhainm Sacharías, do sheal Abía: agus a bhean dingheanuibh Aaróin, agus, Elísabet do baimn dhi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Do bhí, i n-aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áirithe dar bh’ainim Sacarias, d’uanuigheacht Abia, agus de shliocht Aaron ab eadh a bhean, agus Elisabet ab ainim di. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zacairiá, de shealaíocht Aibia, agus bean aige dʼiníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di. |
Ba iadsan na fir, mar a claraíodh iad de réir a ndualgas ar leith, a raibh sé de chúram orthu dul isteach i dTeampall an Tiarna de réir mar a shocraigh Árón, a sinsear, dóibh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna Dia Iosrael dó.
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim
Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.
Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus d'fholaigh í féin ar feadh cúig mhí,