Agus ghuigh Íosác chun an Tiarna ar son a mhná mar go raibh sí aimrid; agus d'éist an Tiarna lena ghuí agus ghabh sí toircheas.
Lúcás 1:25 - An Bíobla Naofa 1981 ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m'aithis i measc daoine a thógáil díom.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Is í sin obair Dé san am a raibh aird aige orm, ionas go mbeadh deireadh leis an achasán a bhíodh orm i súile na ndaoine.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is mar seo a rinne an Tighearna liom ins na laethe i n-ar dhearc sé orm chun mo achmhusán ós cómhair na ndaoine a thógáil díom. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Mar so do‐rinne an Tighearna liom ins na laethibh ’n‐ar fhéach sé orm, ó thóg sé dhíom an aithis do bhí orm i measc na ndaoine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír is mar so do rinne an Tighearna rium ann sna laethibh an ar fhéuch sé oram, do thógbháil mo neimhcheana dhiom a measg na ndáoine. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Seo mar a dhein an Tighearna liom é ins na laethibh ’n-ar fhéach sé orm agus ’n-ar thóg sé dhíom an aithis a bhí orm ameasg na ndaoine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun mʼaithis i measc daoine a thógáil díom.” |
Agus ghuigh Íosác chun an Tiarna ar son a mhná mar go raibh sí aimrid; agus d'éist an Tiarna lena ghuí agus ghabh sí toircheas.
cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir; tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.
Agus béarfaidh seachtar ban greim ar aon fhear amháin, an lá sin: “Gheobhaimid bia dúinn féin,” a déarfaidh siad, “agus cuirfimid éadaí orainn féin; ach lig dúinn d'ainm a thabhairt orainn féin, tóg dínn cúis ár náire.”
Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.
Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus d'fholaigh í féin ar feadh cúig mhí,
Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d'ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh.
Lean sí uirthi agus dúirt lena hathair: “Déantar an méid seo ar mo shonsa: lig dom imeacht uait agus dhá mhí a chaitheamh ar na sléibhte chun go gcaoinfidh mé m'óghacht i bhfochair mo chompánach.”
A comhleacaí mná, bhíodh sí ag caitheamh achasán léi, ag spochadh aisti, á chasadh léi gur dhruid an Tiarna a broinn.