Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.
Lúcás 1:21 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí an pobal ag feitheamh le Zachairias agus ba ionadh leo é bheith ag déanamh moille sa sanctóir. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí na daoine uile ag fanacht le Secaría, agus iontas orthu faoin moill a bhí air istigh sa teampall. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí na daoine ag feitheamh le Sacaire, agus bhí iongantas ortha é bheith ag déanamh moille san teampall. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí an pobal ag fuireach le Sacharias, agus do b’iongnadh leo é bheith ag déanamh moille sa teampall. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí an pobal ag fuireach ré Sacharías, agus do biongnadh léo an fad do fhan sé sa teampoll. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí na daoine ag feitheamh le Sacarias, agus bhí iongna ortha é bheith ag déanamh righnis sa teampul. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí an pobal ag feitheamh le Zacairiá agus ba ionadh leo é a bheith ag déanamh moille sa sanctóir. |
Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.
Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.
Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomhlíonfar ina dtrath féin.”
Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.