Lúcás 1:18 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt Zachairias leis an aingeal: “Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt Secaría leis an aingeal, “Cad é mar a gheobhaidh mé fios air sin? Mar táim féin i mo sheanduine, agus tá mo bhean anonn go maith i mblianta.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Sacaire leis an aingeal: Cad é mar bhéas a fhios seo agam? Óir is seanduine mise, agus tá mo bhean an-aosta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Sacharias leis an aingeal, Cionnas bhéidh a fhios sin agam? Óir atáim‐se im’ sheanduine, agus atá mo bhean aosta go mór. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Sacharías ris an aingeal, Cionnas bhías a fhios so agamsa? óir a táim um dhuine arsuidh, agus a tá áois mhór ag am mhnáoi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Sacarias leis an aingeal: Conus a bheidh a fhios san agam? Óir táim-se am’ sheanduine agus tá mo bhean ró-aosta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt Zacairiá leis an aingeal: “Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.” |
Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: “An mbéarfar mac don té atá céad bliain d'aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d'aois?”
Ansin gháir Sárá léi féin á rá: “An amhlaidh a bheidh sólás agam le m'fhear céile anois agus mé thar aois leanbh a iompar, agus eisean aosta chomh maith?”
Ach d'fhreagair an feidhmeannach, a bhí mar theannta ag an rí, an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir, arbh fhéidir é seo a theacht i gcrích?” “Feicfidh tú é le do shúile cinn,” arsa Eilíseá, “cé nach n‑íosfaidh tú greim de.”
Dúirt Hiziciá: “Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?”
Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?”
Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.
Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin - bhí sé ag tarraingt ar an gcéad - agus ar bhroinn mharbh Shárá.