Iúd 1:5 - An Bíobla Naofa 1981 Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Caithfimid a chur i gcuimhne daoibh, cé go raibh gach eolas agaibh, gur thug an Tiarna an pobal slán as an Éigipt aon uair amháin, ach gur scrios sé an dara huair an méid acu nár chreid. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is mian liom anois a chur i gcuimhne dhaoibh, bíodh go bhfuil lán‐eolas agaibh ar na neithibh seo ar fad, gur shaor an Tighearna pobal as tír na hÉigipite aon uair amháin, acht gur scrios sé ’n‐a dhiaidh sin iad‐san nár chreid. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin is mían leam bhur ccur a gcuimhne, ar bhfagháil a fheasa éunúir amháin, an tan do sháor an Tighearna, an pobal ó Néigipt, gur sgrios sé na dhiáigh sin an dream nár chreid. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid. |
Agus an lá sin féin thug an Tiarna clann Iosrael amach as tír na hÉigipte ina sluaite cóirithe.
Is é fáth a bhfuilim ag scríobh chugaibh - agus mé dian go maith oraibh anseo agus ansiúd - chun bhur gcuimhne a mhúscailt, agus táim á dhéanamh mar gheall ar an ngrásta a fuair mé ó Dhia,
caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a d'fhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois?
Sí seo an dara litir a scríobh mé chugaibh, a chairde cléibh, agus iontu araon tá aigne íon á múscailt agam ionaibh le rabhadh
Níor scríobh mé chugaibh á rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mba feasach sibh í, agus go mb'eol daoibh nach den fhírinne aon bhréag.